Pl
Polasaí Ghaeilge Na Scoile 2024
Réamhrá
Tá an plean seo sa scoil againn chun leagan amach soiléir agus simplí ar mhúineadh na Gaeilge a chur ar fáil do gach duine, múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí. Tá athbhreithniú déanta ar an bplean scoile ó scríobhadh i dtús é.Rinneadh an t-athbhreithniú seo ar an bplean i mí Aibreán 2024.
Tá an plean curtha le chéile chun
- Cabhrú leis an bhfoireann an curaclam a chur i bhfeidhm dár scoil
- Chun roinnt treoracha a thabhairt do mhúinteoirí
- Chun fís a chruthú dár scoil sa Ghaeilge
- lonas go mbeadh leanúnachas ó Naíonáin go dtí Rang a 6
- An cur chuige cumarsáide a chur chun cinn.
Fís
Tá timpeall cúig chéad páiste sa scoil seo. Tá an scoil seo aitheanta mar scoil de chuid Deis Banda 2. Tagann idir 10%- 15% de na páistí atá ag freastal ar an scoil i 2024 ó theaghlaigh a tháinig ó thar lear. Tá dhá rang do pháistí le uathachas sa scoil.
Tá an scoil suite taobh amuigh den Ghaeltacht agus spreagtar tuismitheoirí na scoile le gach tacaíocht gur féidir leo a thabhairt do mhúineadh na Gaeilge sa scoil.Níl cultúr ná teanga na Gaeilge le brath go Iáidir i gcomharsanacht na scoile. Ar scoil amháin, a chloiseann formhór na páistí an Ghaeilge. Tá forbairt teanga an bhaile an-tábhachtacht i gcomhthéacs na scoile seo. Is laistigh de na cúinsí seo a mhúintear Gaeilge sa scoil. Sa phlean seo táimid ag iarraidh spéis sa Ghaeilge a chothú trí na páistí a spreagadh chun í a úsáid in atmaisféar taitneamh ach gan bhrú.
Ag fágáil Rang 6 beidh:
- dearcadh dearfach ag na páistí i leith na Gaeilge
- na páistí ábalta cumarsáid (simplí) a dhéanamh trí Ghaeilge
- muinín ag na páistí in úsáid na Gaeilge
- meas ag na páistí ar an dteanga
Tá suim ag na múinteoirí agus daltaí óga na scoile sa Ghaeilge. Tá aithne ag na múinteoirí ar fhormhór na bpáistí agus spreagann siad iad chun an Ghaeilge a labhairt ar fud na scoile. Baintear úsáid as an Ghaeilge chomh minic agus is féidir.
Aidhmeanna:
Is iad na haidhmeanna atá againn mar fhoireann scoile ná:
- Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide a chur chun cinn
- Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus dúil inti a chothú
- taitneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge
- cumas éisteachta agus labhartha na bpáistí a fhorbairt agus a muinín chun an Ghaeilge a úsáid a chothú
- cumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta gach páiste a chothú ag léibhéil a oireann di /do féin agus don chinéal scoile
- teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scribhneoireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite
- feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú
Curaclam na Gaeilge:
- Feidhmeanna Teanga
b.Gaeilge Neamhfhoirmiúil
- Cur Chuige cumarsáide
- Snáitheanna an Churaclam
- Teanga ó bhéal
- Léitheoireacht
- Scríbhneoireacht
- Pleanáil an mhúinteora
- Measúnú
1
- Feidhmeanna Teanga:
ls í an tuiscint atá ag foireann na scoile ar fheidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a dhéanamh, mar shampla, chun beannú do dhuine eile is féidir “Dia dhuit!”, nó”Go mbeannai Dia dhuit!” a rá; chun slán a fhágáil, “Slán leat!” nó “Slán go fóill.”
Tá liosta d’fheidhmeanna Teanga mar aguisin sa phlean. Tá siad curtha in oiriúint dár scoil. Beidh liosta de na feidhmeanna teanga ar fail i ngach seomra ranga. Leanfaidh an liosta céanna na páistí ó rang go rang. Mar sin, beidh leanúnachas sa scoil.Tógtar frásaí na seachtaine ón liosta seo.
Úsáidtear téamaí chun na feidhmeanna agus na ceachtanna Gaeilge a cheangail le chéile.
Téamaí
Mé Féin
An Scoil
Bia
Caitheamh Aimsire
Éadaí
Sa Bhaile
An Teilifís
Siopadóireacht
An Aimsir
Ocaidí Speisialta
b.: Gaeilge Neamhfhoirmiüil — úsáid na Gaeilge i rith an lae:
Úsáidtear an Ghaeilge chomh minic agus is féidir i rith an lae. Bíonn an comhrá neamhfhoirmiúil bunaithe ar na heiseamléiri de na feidhmeanna teanga atá in úsáid .Cloiseann na páistí an Ghaeilge in úsáid go neamhfhoirmiúil mar ghnáth theanga cumarsáide.
Feiceann na páistí prionta sa timpeallacht i bhfógraí agus i gcomharthaí. Bíonn Frása na Seachtaine le feiceáil ar bhord na bhfógraí. Fógraítear na frásaí, ceisteanna agus freagraí ar an idirchom . Tá an Ghaeilge Neamhfhoirmiúil thar a bheith tábhachtach chun cuidiú Ie forbairt teanga agus chun stádas agus meas a léiriú ar an teanga.
Tá liosta de na nathanna cainte atá in úsáid ag gach leibhéal i bplean fadthearmach an leibhéal sin.
Moltar an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir i rith an lae.
- Ócáidí éagsúla: m.sh. am rolla, am paidreacha, am lóin, ag an sos agus á ngléasadh féin le dul amach.
- Teachtaireachtaí
- Bainisteoireacht ranga
- Ábhar clóite sa timpeallacht
- Fógraí as Gaeilge sa rang
- Frása na seachtaine atá ar siúl ag gach rangleibhéal le feiceáil go soiléir
- Bíonn éisteacht agus labhairt neamhfhoirmiúil ar siúl sa seomra ranga agus ar fud na scoile. Tá liosta na nathanna seo mar chuid den scéim bliana do gach leibhéal.
- Cur Chuige Cumarsáideach:
Cuirfidh na múinteoirí béim ar an gcumarsáid sna ceachtanna Gaeilge. Beidh an teanga oiriúnach d’aois na bpáistí.Mar sin is féidir leis na páistí a bheith gníomhach san fhoghlaim. Beidh siad ábalta na feidhmeanna teanga a úsáid. Mar sin tá cumarsáid mar sprioc i ngach ceacht Gaeilge agus caithfidh cuspóir cinnte a bheith i ngach ceacht. Beidh na ceachtanna roinnte i trí réimhse. An tréimhse réamhchumarsáide, an tréimhse Cumarsáide agus an tréimhse Iarchumarsáide.
|
Réamh chumarsáid Suim a mhuscailt sa teanga agus na páistí a Spreagadh chun an teanga a usáid
|
Aithris agus athrá Cleachtadh foclóir Ceisteanna agus freagraí Cluichí gramadaí Gníomhaiochtaí faoi threoir Scéal Cluichí struchtúrtha Cumarsáid faoi threoir. |
|
Cumarsáid Sprioc teanga/ Cuspóir an cheachta |
Tascanna le déanamh : Cluichí cumarsáide Rólanna i suíomh réalaíocha agus insamhlaithe Idir ghniomhú sóisialta Drámaíocht, sceitsí Plé, díospóireacht Saor úsáid na teanga |
|
Iarchumarsáid Tuiscint a dhaingniú agus an teanga a úsáid
|
Féachaint siar Cleachtaí gramadaí Anailís na teanga Traschur eolais go tascanna eile Cluichí breise Féachaint ar aghaidh Ceartú botún |
- Snáitheanna agus gneithe:
Tá trí shnáithe – teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht
Déantar cur síos sna trí gnéithe ar fhoghlaim theanga bunúsach. Tá raon de Thorthaí Foghlama ag gach gné, ina ndéantar cur síos ar chéimeanna thábhachtach teanga.
Tá na gnéithe spleách ar a chéile, ach beidh comhtháthú na ngnéithe le feiceáil sa chaoi a mhúinfear na ranganna Gaeilge.
‘Siad na gnéithe d’fhoghlaim teanga a bhaineann le gach ceann de na snáitheanna ná:
- Caidreamh cumarsáideach a fhorbairt trí theanga
- Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint
- Teanga a fhiosrú agus a úsáid.
Tógann Curaclam Teanga na Bunscoile ar phrionsabail Aistear. Leagann na prionsabail sin béim ar an tábhacht a bhaineann le caidreamh idir duine fásta agus páiste agus le taithí spraíúil agus suntasach ó thaobh fhoghlaim agus fhorbairt na bpáistí de. Leagann Aistear béim ar an tábhacht a bhaineann le cumarsáid a dhéanamh go cumasach muiníneach agus cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le meonta, coincheapa agus scileanna a fhorbairt.
- Teanga ó bhéal
Cuirtear béim ar an teanga ó bhéal ó thus. Nuair a bhíonn teanga nua á fhoghlaim ag páiste, tagann éisteacht leis an teanga roimh labhairt na teanga. Bíonn go leor éisteacht ar siúl ag na páistí i rith an lae leis an Ghaeilge Neamhfhoirmiúil a úsáidtear tríd an lá scoile, m.sh Beannú, teachtaireachtaí, bainistíocht ranga, amhráin, rannta.
Agus gan amhras sna ceachtanna foirmiúla, éisteann na páistí le heiseamláirí a bhaineann le feidhmeanna teanga éagsúla.
Bíonn sé mar aidhm ag an múinteoir i gcónaí, úsáid na Gaeilge mar ghnáth theanga chumarsáide, agus go háirithe mar theanga labhartha, a chur chun cinn sa seomra ranga. Spreagann an múinteoir na páistí úsáid neamhfhoirmiúil a bhaint as an nGaeiIge chun gnáth rudaí a rá. Mar shampla, “Tá mé críochnaithe” “ Tá tart orm. An bhfuil cead agam deoch a fháil ? “ Bíonn an múinteoir ag faire amach i gcónaí do dheiseanna chun na páistí a spreagadh úsáid neamhfhoirmiúil a bhaint as na frasaí Gaeilge a fhoghlaimíonn siad sa cheacht foirmiúil.
Sna ceachtanna foirmiúla bíonn réimhse cumarsáide i gceist.
Sa Tréimhse Réamhchumarsáide déanann an múinteoir iarracht suim a mhuscailt sa cheacht Gaeilge agus na páistí a spreagadh.
Sa Tréimhse Cumarsáide tugann an múinteoir deis do na páistí an teanga atá foghlamtha acu cheana féin mar aon leis na focail agus na frásaí nua , a úsáid i suíomh oiriúnach. Nuair a bhíonn na páistí ag comhlíonadh na Feidhmeanna Teanga cuirtear an bhéim ar an teachtaireacht/ an chumarsáid agus glactar le botúin.
Sa Tréimhse Iarchumarsáide, déantar dul siar agus tugtar deis do na páistí an Ghaeilge atá foghlamtha acu a usáid i suíomh eile. Roghnaíonn an múinteoir téamaí agus topaicí a bhaineann le saol na bpáistí. Tå réimse leathan de ghníomhaíochtaí labhartha in úsáid sa scoil seo. Féach liostaí straitéisí thíos.
- Filíocht: rainn, dánta, amhráin agus rabhlóga
- Scéalaíocht
- Cluichí teanga
- Tascanna agus fadhbanna
- Druileanna
- Drámaíocht
- Físeáin
- Tascanna idirghníomhach ar an gclár bán idirghníomhach
- Agallaimh
- Rólimirt
- Léitheoireacht
Tosaíonn clár ullmhúcháin don litearthacht i ranganna na naíonán le rainn, cluichí teanga, amhráin agus pictiúr leabhair, scéalta, na leabhair mhóra, teanga bhainistíochta ranga, luaschartaí agus abairtí sa timpeallacht .
Cuirtear le seo i Rang 1 agus 2 le léitheoireacht idir ghníomhach.Tarlaíonn tús na Iéitheoireachta go foirmiúil roimh deireadh Rang a 2. Faoin am seo, tá fothscileanna na léitheoireachta sa Bhéarla forbartha ag na páistí.
Bíonn aistriú scileanna i gceist ansin le an-chuid do na scileanna léitheoireachta. Ach caithfear na gnéithe atá difriúil a mhúineadh go háraithe, m.sh fuaimeanna atá difriúil sa Ghaeilge agus nach bhfuiI sa Bhéarla (á, é, í , ó, ú.) Tá liosta de na fuaimeanna le feiceáil sa leabhar “Fuaimeanna agus Focal “
Beidh réimse leabhair de léibhéil éagsúla le fáil i ngach seomra ranga. Tabharfaidh seo seans do gach páiste, leabhair ar leibhéal oiriúnach a léamh agus pléisiúir agus taitneamh a bhaint astu.
Chomh maith leis na leabhair a úsáidtear sna ranganna beimid ag cur leis na leabhair sa leabharlann go rialta. Cuirfimid leabhair spéisiúla agus oiriúnacha do na ranganna go léir ar fáil chun éagsúlacht téacs agus seanra a thabhairt do na páistí.
Bíonn deiseanna léitheoireachta éagsúla a sholáthar sa scoil seo, mar shampla – léitheoireacht faoi stiúir, léitheoireacht roinnte, léitheoireacht aonair.
Aidhmeanna:
- Beidh na páistí in ann stór focal a fhorbairt agus a leathnú
- Beidh na páistí in ann abairtí a léamh le líofacht, cruinneas agus tuiscint.
- Beidh na páistí in ann eolas, pléisiúir agus taitneamh a bhaint as an léitheoireacht trí réimse leabhair éagsúla a léamh
- Beidh na páistí in ann réimse dánta agus amhráin a léamh agus a aithris go soiléir.
Na Téacs leabhair atá in úsáid don Léitheoireacht
Naíonáin Shóis./Naionáin Shins.: Bua na Cainte
Rang 1. Abair Liom 1
Rang 2. Abair liom 2
Rang 3. Bua naCainte
Rang 4 Bua na Cainte
Rang 5 Bua na Cainte
Rang 6. Bua na Cainte
- Scríbhneoireacht
Tarlaíonn tús na scríbhneoireachta go foirmiúil roimh dheireadh Rang a 2 le cóipeáil frásaí agus abairtí bunaithe ar na téamaí srl. Téann an scribhneoireacht chun cinn le tascanna scríbhneoireachta m.sh. ailt bunaithe ar nuacht phearsanta.
Tuigimid go bhfuil gá le cleachtadh agus le deiseanna a thabhairt do na páistí chun scríbhneoireacht a fhorbairt i nGaeilge.Tuigimid chomh maith go mbeidh na páistí ag aistriú a gcuid scileanna ó Bhéarla go Gaeilge. Beidh leanúnas ar siúl ó rang go rang i bproiséas na scribhneoireacht. Tá gá le seo ionas go mbeidh siad ábalta feabhas a chur ar a n-iarrachtai. Úsáidtear an próiséas seo a leanas chun feabhas a chur ar iarrachtai pearsanta na bpáisti:
Dréachtú, Athdhréachtü, Eagarthóireacht, Foilsiú
Beidh na páistí ag usáid saghasanna difriúla scríbhneoireachta mar shampla-
- cóipeáil focal agus abairtí
- meaitseáil focal agus abairtí
- focail aonair a scríobh
- liostaí focal a scríobh
- abairt shimplí a chumadh
- scríobh faoin bpictiúr
- nuacht phearsanta a léiriú
- abairtí ceangailte ar théama a chur le chéile
- ailt bheaga a chumadh
- ríomhphost
- nótaí
- Litreacha
- nótaí agallaimh
- scéalta a chumadh
- leabhair bheaga a chur le chéile srl.
Tá éagsulacht samplaí de mheasúnú le fáil ar Padlet Siobhan Mc Monagle ( ár gcuiditheoir ó Oide )
Aistriú Scileanna
Baintear usáid as na scileanna atá foghlamtha acu cheana féin sa Bhéarla (sna Seanraí Scríbhneoireachta ) ina gcuid scríbhneoireacht i nGaeilge.
Na Téacsleabhair atá in úsáid chun tacú leis an Scribhneoireacht
NaíonáinShóis./NaionáinShins. Bua na Cainte
Rang 1. Abair Liom 1
Rang 2. Abair Liom 2
Rang 3. Bua na Cainte
Rang 4 Bua na Cainte
Rang 5 Bua na Cainte
Rang 6. Bua na Cainte
Litriú:
Tosaíonn obair ar litriú go foirmiúil i Rang 3 agus leanann sé ar aghaidh go Rang 6.
I ranganna 3-6, úsáidtear na leabhair” Fuaimeanna agus Focal “ agus “Bua na Cainte( Leabhar Litrithe )“ chun an clár litrithe a chur i bhfeidhm.
Is fearr litriú a mhúineadh i gcomhthéasc. Bíonn cuid den bhfónaic ( clanna focail ), cuid de na focail is coitianta agus focail ó na téamaí éagsula chomh fada agus is féidir. Déantar roinnt sortáil focail chun cuidiú leis an litriú.
Gramadach
Cuirtear tús le “gramadach” sa chaint agus sa mhúineadh ó thús mhúineadh na teanga.
Is fearr gramadach a mhúineadh i gcomhthéasc, go neamhfhoirmiúil sa chaint, go foirmiúil sa leabhar nó nuair a chuireann páiste ceist.
Déantar iarracht mioncheachtanna a mhúineadh ar gnéithe don ghramadach ó thús (go háirithe nuair a thosnaíonn na páisti ag léamh agus ag scríobh). Leantar le mioncheachtanna agus ceachtanna nios deacra sna hardranganna. Ach is fearr na ceachtanna a choiméad gairid agus iad a mhúineadh go minic chomh maith le dul siar.
Cuirtear béim ar na briathra i ngach rang.
Seo a leanas mar a mhúintear na briathra go léir mar aon leis na briathra neamhrialta.
|
Rang 3 |
Aimsir Chaite |
|
Rang 4 |
Aimsir Láithreach agus Dul Siar ar Aimsir Chaite |
|
Rang 5 |
Aimsir Fháisteanach, Dul Siar ar Aimsir Chaite agus Aimsir Láithreach |
|
Rang 6 |
Na Briathra Neamhrialta , Dul Siar ar Aimsir Chaite, Aimsir Láithreach agus |
|
|
Aimsir Fháisteanach |
Tá an ghramadach fite fuaite tríd an Ghaeilge ó bhéal, an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht.
Tugtar aird na bpáistí ar na rialacha gramadaí maidir leis an Tuiseal Ginideach, an chopail “Is “, Uimhreacha, Uimhir Uatha/ Iolra ,réamhfhocail, Ceisteanna agus Freagraí go neamhfhoirmiúil sna bunranganna agus go foirmiúil ó Rang 3. Tá liosta de na gnéithe gramadaí le fáil sa scéimeanna fad théarmach ó Bua na Cainte
- Pleanáil an Mhúinteora:
Déanann gach múinteoir ranga pleanáil fhadtéarmach (plean bliana) agus pleanáil ghearrthéarmach (scéim coicíse) bunaithe ar Churaclam Teanga na Bunscoile agus ar an bplean seo. (Úsaidtear an leagan amach céanna don phleanáil ghearrthéarmach.) Ag deireadh na míosa, déanann gach múinteoir cúntas ar an nGaeilge atá múinte aici/aige agus atá foghlama ag na páistí le linn na míosa.
Táimid ag úsáid na torthaí foghlama in ár bpleananna agus táimid ag iarraidh feabhas a chur ar ár gcleachtadh mar a mholtar dúinn ónár gcuiditheoirí ó Oide.Táimid ag féachaint ar na scileanna a aistríonn ó Bhéarla go Gaeilge freisin.
Measúnú
Is cuid lárnach den phróiseas teagaisc agus foghlama é an measúnú. Úsáidtear é chun forbairt an pháiste a mheasúnú de réir aidhmeanna agus torthaí foghlamtha an churaclaim. I gcás na Gaeilge, cuidíonn sé leis an mhúinteoir riachtanais gach aon pháiste a aithint sna gnéithe faoi leith de mhúineadh na teanga.
Tá béim sa churaclam ar an úsáid is féidir a bhaint as an teanga chun cumarsáid a dhéanamh, mar sin déanfar measúnú ar éisteacht agus tuiscint agus labhairt go háirithe. Gné thábhachtach eile atá le cur san áireamh ná an taitneamh a bheidh le baint as foghlaim na Gaeilge.
Modhanna éagsúla measúnaithe:
- Dírbreathnú an mhúinteora
Go neamhfhoirmiúil, beidh súil ghéar á coimeád ag an múinteoir an t-am ar fad ar dhul chun cinn an ranga agus ar dhul chun cinn an pháiste aonair
Tabharfaidh an múinteoir cumas tuisceana agus éisteachta an pháiste faoi deara nuair
a úsáideann sé/sí an Ghaeilge mar theanga bhainisteoireachta an ranga
a thugann sé/sí treoracha go neamhfhoirmiúil sa rang
a chuireann sé/sí ceist ar an bpáiste
- Féinmheasúnú agus measúnú pháistí eile.
- Tascanna agus trialacha déanta ag an múinteoir
Beidh an múinteoir ag faire amach do na bun straitéisí agus scileanna sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht
An aithníonn sé/sí focal?
An mbaineann sé/sí brí as an téacs?
An mbaineann sé/sí taitneamh as an scéal?
An roghnaíonn an páiste leabhar Gaeilge go fonnmhar
- Bailiúchán d’obair agus de thionscadail an pháiste.
- Obair bhaile.
Béim ar obair bhaile simplí
Naíonáin – Rang 2 : Ní fhaigheann na páistí seo obair bhaile foirmiúil.
Rang 2 – Rang 6: Litriú, scríbhneoireacht, léitheoireacht agus rudaí le foghlaim i rith na seachtaine
- Triail Ghaeilge Dhumconrach ( gach dara bliain ) Rang 2- Rang 6
Tá éagsulacht samplaí de mheasúnú le fáil ar Padlet Siobhan Mc Monagle ( ár gcuiditheoir ó Oide )
Áiseanna:
Tá réimse áiseanna in úsáid sa scoil. Moltar do na múinteoirí iad a úsáid go rialta chun go mbeidh éagsúlacht sa cheacht agus chun aire na bpáistí a choinneáil. Tá scéim Bua na Cainte roghnaithe ag foireann na scoile mar bhun áis do mhúineadh na Gaeilge. Áiseanna eile atá ar fáil ná:
- “Spreag an Ghaeilge le Spraoi”.
- Leabhar “Tomás na hOrdóige” le Nóirín Ní Nuadháin
- Réimse leabhair mhóra i nGaeilge, leabhair mhóra gan teasc agus leabhair mhóra ar bheagán téacs.
- Leabhair bheaga i nGaeilge
- Réimse leabhair le hamhráin agus dánta Ghaeilge.
- Cluichí boird.
- Leabhair le dramaí gearra Gaeilge.
- Cláracha Gaeilge ar líne.
- Fillteán Seachtain na Gaeilge agus Padlet Máire Nic an Rí.
Seachtain na Gaeilge:
Cuirtear réimse imeachtaí breise ar siúl i rith Seachtain na Gaeilge i mí Márta gach bliain.
Tugtar blas de chultúr na tíre do na páistí trí imeachtaí éagsula a eagrú sa scoil chun ár noidhreacht, ár gcultúr agus ár dteanga a cheiliúradh.
Tá fillteán Seachtain na Gaeilge ag gach múinteoir ranga le cluichí focail, pictiúr le dathú, gníomhaíochtaí ealaíona, tráth na gceist agus toraíochtaí ar fud na scoile.
Éagsúlacht Cumais:
- Is féidir gach páiste a chur ag déanamh an tasc céanna ach de réir a c(h)umais féin.
- Beidh na páistí éagsúla ag léiriú tuiscint na teanga go simplí trí ghníomh a dhéanamh, trí mhím, nó trí phictiúr a tharraingt. Tá bealaí éagsúla ann chun deis a thabhairt do gach páiste eolas a chur ar an nGaeilge agus ar an gcultúr.
Glacann gach páiste sa scoil (páistí le díolúine i leith na Gaeilge san áireamh) páirt sa cheacht Gaeilge toisc gur obair ó bhéal is mó atá i gceist. Is féidir lena páistí go léir a bheith rannpháirteach sna cluichí , sna rannta agus sa cheol.
Comhtháthú le hábhair eile: ( CLIL )
Sa churaclam nua moltar an Ghaeilge a úsaid in ábhair dhifriúla taobh amuigh den cheacht Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga cumarsáide. Tabharfaidh sé deis do na páistí éisteacht leis an teanga agus é a úsáid i suíomhanna éagsula.
Déanfaimid iarracht an Ghaeilge a chomhthathú sa Cheol, Filíocht agus i ranganna Corpoideachas. Is féidir orduithe, moladh, gníomhaíochtaí agus cluichí as Gaeilge a úsáid le linn na gceachtanna corpoideachais.
Le linn comhthionóil scoile moltar dúinn deis a thabhairt do pháistí a gcuid rainn agus amhráin Ghaeilge a aithris os comhair ranganna eile.
Ag amanna faoi leith i rith na bliana mar sh. Seachtain na Gaeilge agus Seachtain Gníomhach beidh na páistí ag glacadh páirt i gcluichí Gaeilge.
Tá samplaí de chluichí clóis agus cluichí gníomhach le fáil sa leabhar “ Spreag an Ghaeilge le Spraoi” agus Padlet Ghaeilge Siobhan Mc Monagle.
Moltar dúinn tosnú le cluichí simplí a mhúineadh do na páistí ó thús na blianta sna ranganna corpoideachais agus forbairt ar an teanga a úsaidtear de réir a chéile.
Foghlaimeoidh na páistí dán/rann agus amhrán amháin ar a laghad gach mí.
Beidh ceol i nGaeilge le cloistéail ag na páisti sa chlós ar a laghad uair sa tseachtain.
Forbairt foirne:
Tá suim ag na múinteoirí sa Ghaeilge maidir le múineadh agus úsáid na teanga.
Bíonn cúrsaí Gaeilge ar siúl do mhúinteoirí sa samhradh agus i rith na bliana. Tugtar moltaí nua faoi mhúineadh teanga agus eolas faoi áiseanna breise atá ar fáil dóibh.
Fuair foireann na scoile tacaíocht ó Oide sa bhliain 2023/24. Tugadh Padlet Gaeilge do na múinteoirí chun cuidiú leo.Tá áiseanna agus eolas breise le fáil freisin ar Gaeloideas agus COGG.
Tuismitheoirí agus an Ghaeilge:
Spreagtar na daltaí an Ghaeilge a chleachtadh sa bhaile, sé sin na nathanna chainte, na beannachtaí, agus na ceisteanna a úsáideann siad sa scoil a úsáid arís sa bhaile. Spreagtar na tuismitheoirí féachaint ar “Nath na Seachtaine” leis na páistí gach seachtain. Sa tslí seo tagann na tuismitheoirí ar an nGaeilge i ngan fhios dóibh féin. Is féidir le tuismitheoirí tacú leis an scoil:
- Trí labhairt na Gaeilge sa bhaile
- Trí phrionta Gaeilge a léamh sa timpeallacht
- Trí bheannachtaí a thabhairt as Gaeilge
- Trí chláir Gaeilge a chur ar siúl ar an teilifís
Beidh Padlet do thuismitheoirí le fáil ar an idirlíon chun tacaíocht a thabhairt dóibh.
( Siobhan Mc Monagle )
An bhfuil an Plean á chur i bhfeidhm:
Tá cóip den phlean ag gach múinteoir agus déanann sé/sí tagairt dó sula ndéanann sé/sí a ullmhúcháin seachtainiúil/míosúil.
Beidh a fhios againn go bhfuil aidhmeanna an phlean á gcomhlíonadh má tá
- Dearcadh dearfach ag na múinteoirí, ó dhaltaí, agus ó thuismitheoirí
- Páistí ag labhairt Gaeilge lasmuigh de ranganna Gaeilge agus ag baint sult as labhairt Gaeilge.
- Fianaise ó mheasúnú go bhfuil gach dalta ag baint caighdeán sásúil amach sa Ghaeilge de réir a ábaltacht féin.
Cur i bhfeidhm
Tá cóip de Churaclam na Gaeilge agus Scéim Gaeilge na Scoile ag gach múinteoir. Baintear úsáid astu agus pleanáil gearrthéarma á dhéanamh. Déantar plé ag na cruinnithe pleanáil sheachtainiúil faoin nGaeilge mar aon le gach ábhar eile.
Athbhreithniú:
Déanfar athbhreithniú ar an bplean i 2026 nó níos luaithe más gá.
Daingnithe ag an mBord Bainistíochta ar an
______________________________
Cathaoirleach, Bord Bainistíochta